dcsimg
 

Faisnéis faoin gCeadúnas Teilifíse

Ní mór duit a bheith clúdaithe ag Ceadúnas Teilifíse chun

  • breathnaigh ar chláir nó taifead iad de réir mar a chraoltar ar theilifís iad, ar chainéal ar bith
  • breathnaigh ar chláir nó sruthaigh iad ar sheirbhís teilifíse ar líne (cosúil le ITVX, Channel 4, YouTube, Amazon Prime Video, Now, Sky Go, srl.)
  • íoslódáil nó breathnaigh ar chláir BBC ar an BBC iPlayer.

D'fhéadfadh sé seo a bheith ar aon ghléas, lena n-áirítear teilifíseán, ríomhaire deisce, ríomhaire glúine, fón póca, táibléad, consól cluichí, bosca digiteach nó taifeadán DVD/VHS.

Cosnaíonn ceadúnas caighdeánach do theilifís dhaite £169.50. Is féidir leat é a íoc d’aon iarraidh amháin nó thar thréimhse níos faide. Tá faisnéis ar an leathanach seo freisin faoi na bealaí éagsúla ar féidir leat a íoc, faoi cheadúnais do ghnólachtaí, agus an bhfuil tú i dteideal lacáiste a fháil.

Tá naisc ar an leathanach seo le leathanaigh i mBéarla. Más fearr leat labhairt linn, cuir glaoch ar ár Líne Chabhrach Teanga ag 0300 790 6044*.

 
An gá duit Ceadúnas Teilifíse a bheith agat?

Sa Ríocht Aontaithe, in Oileáin Mhuir nIocht agus in Oileán Mhanann, ní mór duit a bheith clúdaithe ag Ceadúnas Teilifíse má bhíonn tú:

  • ag féachaint ar aon chláir theilifíse beo ar aon chainéal nó gléas (i dteanga ar bith, ag teacht ó áit ar bith ar domhan) nó á thaifeadadh, nó
  • ag íoslódáil nó ag féachaint ar chláir BBC ar BBC iPlayer.

Baineann sé seo freisin le haon ghléas agus le haon soláthraí atá á úsáid agat, lena n-áirítear:

  • Teilifíseáin (lena n-áirítear teilifíseáin chliste)
  • Taifeadáin DVD, Blu-ray agus VHS
  • Ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce
  • Táibléad, fóin phóca agus gléasanna iniompartha eile
  • Boscaí digiteacha nó Fístaifeadáin Phearsantaithe (mar Sky, Virgin Media nó BT TV)
  • Consóil chluichí
  • Gléasanna sruthaithe meán (ar nós Amazon Fire TV, Apple TV, Chromecast, Roku agus Now TV)
  • Freeview, Freesat nó YouView

De ghnáth ní gá duit ach Ceadúnas Teilifíse amháin a bheith agat do sheoladh amháin, fiú má úsáideann tú go leor gléasanna. Bíonn coinníollacha éagsúla ag baint le tithe atá gan chomhaontú comhpháirteach tionóntachta agus le gnóthais, áit a bhféadfadh níos mó ná ceadúnas amháin a bheith ag teastáil. Má tá an dara teach agat, beidh ort ceadúnas ar leith a fháil don seoladh sin. Faigh amach tuilleadh trí ghlaoch ar 0300 790 6044.

Beidh an dlí á bhriseadh agat má bhíonn tú ag féachaint ar chláir theilifíse bheo nó á dtaifead ar aon chainéal nó gléas, nó má íoslódálann tú, nó má fhéachann tú ar, chláir BBC ar BBC iPlayer gan cheadúnas a bheith agat. D’fhéadfaí thú a ionchúiseamh agus fíneáil suas le £1,000 a ghearradh ort (is í an uasfhíneáil i nGeansaí £2,000) móide aon chostais dlí agus/nó aon chúiteamh a d’fhéadfaí a ordú duit a íoc. In Albain, is é an tAturnae Stáit a dhéanann cinneadh an ndéanfar duine a ionchúiseamh nó a fhágáil gan ionchúiseamh.

Níl aon ghá duit Ceadúnas Teilifíse a bheith agat i gcomhair an BBC iPlayer, mura mbreathnaíonn tú ach ar Teilifís S4C ar éileamh nó mura n-éisteann tú ach leis an raidió.

Ar athraigh tú go háit chónaithe nua le déanaí?

Má tá tú tar éis athrú go háit chónaithe nua, nó má tá na sonraí atá againn fút mícheart nó má athraíodh iad, tabhair dúinn sonraí do sheoladh nua nó scríobh chugainn ag.TV Licensing, Darlington DL98 1TL.

An amhlaidh nach mbreathnaíonn tú ar theilifís bheo ná ar iPlayer BBC?

Más rud é nach mbreathnaíonn tú riamh ar aon chlár teilifíse beo ná ar aon chainéal ná gléas, agus nach n-íoslódálann tú is nach mbreathnaíonn tú ar chláir BBC ar BBC iPlayer, ní gá duit Ceadúnas Teilifíse a bheith agat. Inis dúinn mura bhfuil gá agat le ceadúnas nó glaoigh ar *.0300 790 6044 Bíonn coinníollacha difriúla i gceist i gcás gnólachtaí.

Má insíonn tú dúinn nach bhfuil ceadúnas de dhíth ort, féadfaimid cuairt a thabhairt ort le deimhniú nach mbeidh ceadúnas de dhíth. Bíonn gá leis na cuairteanna sin, toisc nuair a dhéanaimid teagmháil leat, faighimid amach go dteastaíonn ceadúnas ó dhuine amháin as gach seisear* a d’inis dúinn nach dteastaíonn ceadúnas uathu.

*Amhail mí an Mhárta 2019.

An amhlaidh nach gá duit do cheadúnas a bheith agat níos mó?

D'fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíocht a fháil más rud é go bhfuil Ceadúnas Teilifíse agat ach nach mbreathnaíonn tú a thuilleadh ar aon chlár teilifíse beo ar aon chainéal is nach dtaifeadann tú iad ar aon ghléas is nach n-íoslódálann tú is nach mbreathnaíonn tú ar aon chlár BBC ar BBC iPlayer. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch orainn ag 0300 790 6044*.

Cé mhéad atá ar Cheadúnas Teilifíse?

Baineann costas £169.50 in aghaidh na bliana le ceadúnas teilifíseáin daite. Más duine dall tú (nó le géarlaigeacht radhairc) nó má tá aois 74 bliana nó os a cionn gnóthaithe agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal táille laghdaithe nó ceadúnas saor in aisce a fháil.

Is féidir leat íoc as do cheadúnas teilifíse nó é a athnuachan ar líne le cárta dochair nó creidmheasa. De rogha ar sin, tá na bealaí éagsúla le fáil thíos trínar féidir leat a íoc as ceadúnas. Beidh d’uimhir cheadúnais ag teastáil uait má bhíonn tú ag athnuachan do cheadúnas teilifíse reatha.

Conas íoc as do Cheadúnas Teilifíse

Is féidir leat íoc as d’aon iarraidh amháin nó íoc as gach ráithe, gach mí nó gach seachtain.

Is é an bealach is éasca chun íoc as do Cheadúnas Teilifíse ná é a íoc ar líne, trí Dhochar Díreach nó le cárta dochair nó creidmheasa.

Bealaí lena íoc:

Dochar Díreach

Is féidir leat íoc as do Cheadúnas Teilifíse d’aon iarraidh amháin, nó an costas a íoc in aghaidh na míosa nó na ráithe. Tógfaimid na híocaíochtaí le haghaidh do cheadúnais go huathoibríoch, agus mar sin ní gá duit a bheith buartha riamh faoi gan íocaíocht a dhéanamh.

Nuair a bhíonn do chóras um Dhochar Díreach bunaithe agat, déanfar do cheadúnas a athnuachan go huathoibríoch ar do shon gach bliain, agus mar sin ní bheidh baol ar bith ann go mbeidh tú gan cheadúnas.

Má aistríonn tú go háit chónaitheeile, déan deimhin de a insint dúinn chun gur féidir linn do Cheadúnas Teilifíse a aistriú chuig do sheoladh nua.

Is féidir leat socrú Dochair Dhírigh a chur ar bun ar líne, nó trí ghlaoch ar 0300 790 6044* ach bíodh do shonraí bainc in aice láimhe agat. Tabhair faoi deara má shocraíonn tú íoc ina aghaidh na ráithe go gcuirfear préimh £1.25 le gach íocaíocht.

Cárta dochair/creidmheasa

Féadfaidh tú íoc as do Cheadúnas Teilifíse le cárta dochair nó creidmheasa ar líne, ar an nguthán nó le do chárta dochair ag PayPoint (nó in oifig an phoist in Oileáin Mhuir nIocht). Cinntigh le do thoil go bhfuil do chuid sonraí in aice láimhe agat nuair a bhíonn tú ag íoc. Má tá tú ag athnuachan do Cheadúnais Teilifíse ba mhór an chabhair é dá mbeadh d'uimhir cheadúnais reatha agat.

Cárta íocaíochta Ceadúnais Teilifíse

Féadfaidh tú costas do Cheadúnais Teilifíse a roinnt amach ó £6.50 in aghaidh na seachtaine le cárta íocaíochta. Is féidir leat é a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh ar líne, ar an nguthán, trí theachtaireacht téacs nó ag aon PayPoint (nó in oifig an phoist in Oileáin Mhuir nIocht). Má tá tú ag athnuachan do Cheadúnais Teilifíse ba mhór an chabhair é dá mbeadh d'uimhir cheadúnais reatha agat.

Chun níos mó eolais a fháil agus chun do chárta íocaíochta a iarraidh, glaoigh ar 0300 555 0286. Tabharfar freagra duit as Béarla, ach is féidir leat a iarraidh labhairt le duine éigin i do theanga féin.

An áit chun íocaíocht a dhéanamh:

Ar líne

Is féidir leat íoc as do Cheadúnas Teilifíse agus sonraí do Cheadúnais Teilifíse a bhainistiú ar ár láithreán gréasáin. Is féidir leat do cheadúnas teilifíse agus aon teachtaireachtaí eile uainn a fháil trí ríomhphost freisin, ach ní féidir ach litreacha agus uimhreacha an Bhéarla a bheith ar do sheoladh ríomhphoist.

Is féidir leat do Cheadúnas Teilifíse a íoc le cárta dochair nó creidmheasa nó trí shocrú maidir le Dochar Díreach a chur ar bun.

Bíodh do chuid sonraí bainc in aice láimhe agat, agus ná déan dearmad go mbeidh an fhoirm íocaíochta as Béarla.

Íocaíocht a dhéanamh ar an Teileafón

Má tá cárta dochair nó creidmheasa– agat ar nós Maestro, Delta, Solo, Visa nó MasterCard –is féidir leat íoc as do Cheadúnas Teilifíse trí ghlaoch ar 0300 790 6044*. Bí cinnte go bhfuil sonraí do chárta in aice láimhe agat.

Íocaíocht a dhéanamh trí PayPoint

Is féidir leat dul go haon ionad PayPoint agus Ceadúnas Teilifíse a cheannach le hairgead tirim nó le cárta dochair. Ní bheidh ort ach d'ainm agus do sheoladh a thabhairt don chúntóir siopa.

Tá os cionn 28,000 ionad PayPoint ar fud na Ríochta Aontaithe, agus iad ar fáil i siopaí áise, siopaí nuachtán, eischeadúnais, ollmhargaí agus stáisiúin pheitril. Bíonn uaireanta fada oscailte, seacht lá na seachtaine ag a lán acu. Is féidir leat teacht ar do PayPoint áitiúil anseo.

Níl aon ionad PayPoint le fáil in Oileáin Mhuir nIocht. Ina áit sin is féidir leat íocaíocht a dhéanamh in aon bhrainse d’oifig an phoist.

Íocaíocht a dhéanamh tríd an bPost

Is féidir leat seic a sheoladh chuig TV Licensing, Darlington DL98 1TL. Bíodh an seic iníoctha le ‘TV Licensing’ don táille ceadúnais iomlán, agus ná déan dearmad d'ainm, do sheoladh agus do phostchód a scríobh ar chúl an tseic. Ná seol airgead tirim tríd an bpost.

An bhféadfá lacáiste a fháil?

Dall (géarlaigeacht radhairc)

Más duine dall tú (le géarlaigeacht radhairc) agus más féidir leat an cruthúnas iomchuí a sholáthar ina leith, beidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar lamháltas 50%.

Ní bheidh teidlíocht ar bith agat má tá páirtradharc agat (le laigeacht radhairc).

Le hiarratas a dhéanamh, téigh ar líne go tvlicensing.co.uk/blind.

Aois 74 bliana agus os a cionn

Má tá aois 74 bliana nó os a cionn bainte amach agat, d’fhéadfá a bheith i  dteideal ceadúnas gearrthéarmach nó saor in aisce a fháil.

Gnóthais agus eagraíochtaí

Ní mór d'áitreabh gnó a bheith clúdaithe ag Ceadúnas Teilifíse má bhíonn baill foirne, custaiméirí nó aíonna ag féachaint ar chláir bheo theilifíse ó aon chainéal nó á dtaifead, nó má íoslódálann siad nó má bhreathnaíonn siad ar chláir BBC ar BBC iPlayer. Baineann sé seo le haon ghléas atá curtha ar fáil agat, chomh maith le haon ghléasanna dá gcuid féin atá plugáilte isteach sa phríomhchóras.

B'fhéidir nach mbeidh ach Ceadúnas Teilifíse amháin ag teastáil do do ghnó mura bhfuil ach áitreabh amháin ag do ghnó. Cosnaíonn ceadúnas amháin £169.50 in aghaidh na bliana le haghaidh gach seoladh agus clúdóidh sé sin gach gléas a úsáidtear ag an seoladh sin. Is é an bealach is fusa chuníoc as Ceadúnas Teilifíse amháin ná é a dhéanamh ar líne le cárta dochair nó creidmheasa, nó trí Dhochar Díreach.

Más gá duit níos mó ná seoladh amháin a chlúdach, is é an bealach is simplí é sin a dhéanamh ná le Ceadúnas Teilifíse do Ghrúpchuideachta. Níl aon fhoirmeacha le líonadh isteach. Ní bheidh ort ach íocaíocht amháin a dhéanamh in aghaidh na bliana, agus ní bhfaighidh tú ach athbhille amháin a sheolfar chuig seoladh amháin. Chun íoc as Ceadúnas Teilifíse do Ghrúpchuideachta, glaoigh orainn ag 0300 790 6165* agus beidh áthas orainn cabhrú leat.

Ní chlúdaíonn Ceadúnas Teilifíse:

  • cóiríocht chónaithe atá ar d'áitreabh,
  • clubanna leasa nó sóisialta i d’áitreabh atá á reáchtáil ag duine éigin eile,
  • áitreabh atá foligthe agat chuig eagraíochtaí eile, nó
  • ionaid fáilteachais.

Tá rialacha difriúla ann freisin le haghaidh óstán, brúnna, aonad soghluaiste agus láithreán campála.

Nótáil, le do thoil: má sheinntear ceol ar d’áitreabh go deo le haghaidh na gcustaiméirí nó na foirne – tríd an raidió, Teilifís, ríomhaire nó CD/DVD, mar shampla – sa chuid is mó de na cásanna beidh ort ceadúnas ceoil a cheannach ó PPLPRS.Téigh chuig www.pplprs.co.uk chun tuillleadh eolais a fháil.

Cad iad na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le Ceadúnas Teilifíse caighdeánach?

Ciallaíonn Tusa an duine atá ainmnithe ar an gceadúnas.

Cad iad na rudaí a bhfuil Ceadúnas Teilifíse ag teastáil lena n-aghaidh?

Chun trealamh glactha teilifíse a shuiteáil agus a úsáid san áit cheadúnaithe. Clúdaíonn sé:

  • breathnú ar chláir agus iad a thaifeadadh de réir mar atá siad á dtaispeáint beo ar an teilifís nó ar sheirbhís teilifíse ar líne, lena n-áirítear cláir atá á sruthú ar an idirlíon agus cláir shatailíte ó thaobh amuigh den Ríocht Aontaithe, agus
  • breathnú ar chláir BBC agus iad a íoslódáil ar éileamh, lena n-áirítear catch up TV, ar BBC iPlayer.

D'fhéadfadh sé seo a bheith ar aon ghléas, lena n-áirítear teilifíseáin, ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, fóin phóca, táibléid, cluichí consóil, boscaí digiteacha, taifeadáin DVD, Blu-ray agus VHS, nó aon rud eile.

Ceadaíonn an ceadúnas go ndéanfar trealamh teilifíse a shuiteáil agus a úsáid:

  • Ag duine ar bith ag an áit cheadúnaithe.
  • I bhfeithicil, bád nó carbhán:
    • agat féin agus ag aon duine a chónaíonn in éineacht leat de ghnáth san áit cheadúnaithe (ach amháin i gcarbháin nach carbháin chamchuairte iad nuair a bhíonn duine ag breathnú ar an teilifís nó á taifeadadh san áit cheadúnaithe).
    • Ag duine ar bith a bhíonn ag obair de ghnáth san áit cheadúnaithe (chomh fad a bhíonn an fheithicil, bád nó carbhán in úsáid chun críche gnó).
  • Trí threalamh teilifíse faoi thiomáint cadhnraí inmheánacha in úsáid agat féin agus ag aon duine a chónaíonn in éineacht leat de ghnáth san áit cheadúnaithe.

Ní chlúdaíonn an ceadúnas iad seo a leanas de ghnáth:

  • Limistéir atá á n-áitiú ag tionóntaí, lóistéirí nó aíonna a íocann airgead agus acu siúd amháin.
  • Limistéir atá glanscartha.
  • Limistéir atá clúdaithe ag socruithe dlíthiúla ar leith.
  • Limistéir d’áitreabh gnó a úsáidtear chun críche eile.

Ceadúnais dubh agus bán

Fiú má bhíonn teilifíseán dubh agus bán agat, ní mór duit ceadúnas daite a bheith agat chun cláir a thaifeadadh. Tá sé sin amhlaidh toisc gur i ndathanna a thaifeadann boscaí taifeadta DVD, VHS agus digiteacha. Ní bhíonn ceadúnas dubh agus bán bailí ach amháin má úsáideann tú bosca digiteach nach féidir cláir theilifíse a thaifeadadh air.

Coinníollacha eile

  • Is féidir linn do cheadúnas a athrú nó a chur ar ceal. Inseoimid duit má chuirimid ar ceal é.
  • Má athraímid coinníollacha an cheadúnais, foilseoimid fógra ginearálta ar láithreán gréasáin an BBC agus, má mheasaimid gurb iomchuí é, sna meáin náisiúnta eile freisin.
  • Féadfaidh ár n-oifigigh cuairt a thabhairt ar an áit cheadúnaithe chun ár dtaifid a sheiceáil agus an trealamh glactha teilifíse a iniúchadh. Ní gá duit iad a ligean isteach.
  • Ní mór don trealamh glactha teilifíse gan trasnaíocht míréasúnta a dhéanamh ar ghlacadh raidió nó teilifíse.

Meas tú an bhféadfadh Ceadúnas Teilifíse a bheith ag teastáil uait? Seiceáil anois.

Tabhair faoi deara: baineann téarmaí agus coinníollacha ar leith leis na cineálacha Ceadúnas Teilifíse seo a leanas: Ceadúnas Teilifíse d’óstáin agus d’aonaid shoghluaiste, Ceadúnas Teilifíse lamháltais le haghaidh ARC (cóiríocht le haghaidh cúram cónaithe) agus Ceadúnas Teilifíse le haghaidh aonaid siamsaíochta. Má tá ceann de na ceadúnais sin agat, féach ar do cheadúnas chun na téarmaí agus na coinníollacha sonracha a fháil amach nó déan teagmháil linn chun faisnéis a fháil.

* Ní chosnaíonn glaonna chuig ár n-uimhreacha 0300 níos mó ná an ráta náisiúnta do ghlaonna chuig uimhir 01 nó 02, bíodh siad sin ó theileafón soghluaiste nó ó líne thalún. Gearrtar suas le 9p in aghaidh an nóiméid de ghnáth ar ghlaonna ó línte talún agus cosnaíonn glaonna ó fhóin phóca idir 8p agus 40p in aghaidh an nóiméid de ghnáth. Má bhíonn nóiméid (gan táille bhreise) san áireamh le glaonna ar d’fhón soghluaiste nó líne thalún, beidh glaonna chuig uimhir 0300 san áireamh.

 

General information about TV Licensing is available in other languages: